Bunaíodh Meitheal Forbartha na Gaeltachta sa bhliain 1991 nuair a rinne grúpa gníomhaithe pobail iarratas chun an chéad Chlár Forbartha Tuaithe LEADER a riar ar son phobal na Gaeltachta. Ó shin i leith tá fás agus forbairt déanta agus tá réimse mór leathan de chláir á riar ag an gcomhlacht seo ar son an Rialtais agus ar mhaithe leis an bpobal.
Is forbairt pobail trí fhorbairt shóisialta, chultúrtha agus eacnamaíochta na Gaeltachta príomhaidhm Mheitheal Forbartha na Gaeltachta. Tá 22 comhalta, ó Rialtais Áitiúla, Comhpháirtithe Náisiúnta Sóisialta agus earnáil an Phobail, ar an mbord rialaithe agus tá an fhoireann tiomanta d’fhorbairt tuaithe agus oibríonn siad ón mbonn aníos le freastal ar riachtanais phobal na Gaeltachta.
Tá Coiste Réigiúnach ag feidhmiú i ngach réigiún le tacaíocht a thabhairt ag leibhéal áitiúil d’obair Mheitheal Forbartha na Gaeltachta.
Cuirtear tacaíocht ar fáil chun cur le caighdeán maireachtála phobail na tuaithe trí scéimeanna éagsúla atá idir lámha ag Meitheal Forbartha na Gaeltachta mar shampla an Clár Forbartha Tuaithe LEADER 2007-2013 a thugann tacaíocht do chruthú agus d’fhorbairt gnó, gníomhaíochtaí turasóireachta a spreagadh, seirbhísí bunúsacha don gheilleagar agus do Phobal na tuaithe agus araile. Tá an Clár Forbartha Áitiúla um Chuimsiú Sóisialta (LDSIP) dírithe ar mhíbhuntáiste a shárú agus comhionannas agus cuimsiú sóisialta agus eacnamaíoch a chur chun cinn.
Is féidir léargas cuimsitheach a fháil ar na cláir go léir atá á riar ag Meitheal Forbartha na Gaeltachta faoi Chistí Tacaíochta.
Copyrights © 2009 Meitheal Forbartha na Gaeltachta Teo. All rights reserved.
Website Development: MK Design Studio