An Tionscnamh um Fhilleadh ar an Oideachas

Is mór an cion oibre a rinne an Tionscnamh um Fhilleadh ar an Oideachas (Páirtaimseartha) óna bhunú sa bhliain 2002 i leith maidir le cumas na hearnála oideachais a threisiú chun freastal ar riachtanais athraithe na ndaoine aonair, na bpobal agus na sochaí. Tá cláir pháirtaimseartha eagraithe ag Meitheal Forbartha na Gaeltachta faoin Tionscnamh Um Fhilleadh ar an Oideachas a ceapadh chun cur leis an bhforáil lánaimseartha agus pháirtaimseartha atá ann faoi:

  • Na Seirbhísí Aoslitearthachta
  • Oideachas Pobail
  • Ógtheagmháil
  • Cláir Oiliúna do Bhaill Shinsearacha an Lucht Siúil
  • Scéim Deiseanna Oiliúna Gairme (VTOS)
  • Cúrsaí Iar-Ardteistiméireachta (PLC)
  • Ranganna oíche féinmhaoinithe i scoileanna dara leibhéal agus in ionaid eile


Soláthraíonn na cláir pháirtaimseartha faoin Tionscnamh um Fhilleadh ar an Oideachas:

  • Deis do dhaoine óga agus do dhaoine fásta filleadh ar an bhfoghlaim.
  • Bealach ar ais do na daoine sin san ionad oibre ar mian leo a scileanna a thabhairt cothrom leis na riachtanais atá ag teacht aníos.
  • Deis an dá thrá a fhreastal idir oideachas agus oiliúint, agus freagrachtaí teaghlaigh, oibre agus freagrachtaí eile.