Liúntas Fiontair um Fhilleadh ar an Obair

Tugann an Liúntas Fiontair um Fhilleadh ar an Obair spreagadh do dhaoine dífhostaithe, tuismitheoirí aonair agus daoine a mbíonn Liúntas do Dhaoine Faoi Mhíchumas nó Pinsean na nDall á bhfáil acu a bheith féinfhostaithe.

Dá mba rud é go mbeadh íocaíochtaí áirithe leasa shóisialaigh á bhfáil agat agus dá mba rud é gur mhian leat a bheith féinfhostaithe, is féidir leat faoin Liúntas Fiontair um Fhilleadh ar an Obair sciar de d’íocaíocht leasa shóisialaigh a choinneáil ar feadh 2 bhliain.

Más fút cáiliú don liúntas, níor mhór:

  • Go mbeifeá i mbun gnó a bhunú a d’fhaomh Cuideachta Chomhpháirtíochta nó Éascaitheoir i scríbhinn roimhe ré.
  • Go mbeadh ceann de na híocaíochtaí cáilitheacha a liostaítear thíos á fháil agat ar feadh 12 mí ar a laghad.

Is iad seo a leanas na híocaíochtaí cáilitheacha:

  • Sochar Cuardaitheora Poist
  • Liúntas Cuardaitheora Poist
  • Íocaíocht do Theaghlaigh Aon-Tuismitheora
  • Pinsean na nDall
  • Liúntas do Dhaoine Faoi Mhíchumas
  • Liúntas Cúramóra (i gcás go mbeadh deireadh curtha leis na dualgais chúraim)
  • Liúntas Cúnamh Feirmeoireachta
  • Pinsean Easláine
  • Forlíonadh Éagumais 
  • Liúntas Réamhscoir
  • Pinsean Baintrí agus Baintrí Fir (Neamh-Ranníocach)
  • Sochar nó Liúntas Banchéile Thréigthe
  • Liúntas do Bhanchéile Príosúnaigh

Tabhair faoi deara:
Ní mór teidlíocht bhunúsach i leith Liúntas Cuardaitheora Poist a bheith ag duine a fhaigheann Sochar Cuardaitheora Poist agus mura mbeidh is 2 bhliain an tréimhse cháilitheach.
D’fhéadfadh go mbeifeá ina theideal chomh maith dá mbeadh Sochar Tinnis á fháil agat ar feadh 3 bliana ar a laghad.