Scéim Tacaíochta Pobail do Dhaoine Scothaosta

Is í aidhm na Scéime seo an pobal a spreagadh agus cabhrú leis an bpobal tacaíocht a thabhairt do dhaoine scothaosta trí scéim deontas bunaithe sa phobal ionas go mbeadh slándáil níos fearr ag daoine scothaosta. Tá an Scéim seo á riar ag Meitheal Forbartha na Gaeltachta i gceantar Iorras Aithneach, Camus agus Rosmuc le tacaíocht ón Roinn Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta.

Cuireann an Scéim seo deontais ar fáil do ghrúpaí pobail agus deonacha chun spreagadh a thabhairt dóibh agus chun cabhrú leo slándáil daoine scothaosta a bheadh i mbaol ina dtithe féin a fheabhsú.  Is í aidhm na scéime slándáil agus tacaíocht shóisialta na ndaoine leochaileacha scothaosta a fheabhsú ina dtithe trí dheontais a sholáthar i gcomhair na nithe seo a leanas:

  • Costas aon–uaire a bhainfeadh le córais aláraim a ndéanfadh na grúpaí pobail monatóireacht orthu a shuiteáil.
  • Aláraim dheataigh/aonocsaíd charbóin.

ta:
Tabhair faoi deara le do thoil nach bhfuil maoiniú ar fáil faoin scéim seo i gcomhair gnáth-aláraim ionróra.

Tá Mionsonraí agus Foirmeacha Iarratais na Scéime ar fáil ach teagmháil a dhéanamh leis an oifig áitiúil i Ros Muc ag 091-574353.