Éagsúlú i nGníomhaíochtaí Neamhthalmhaíochta

Tá sé de chuspóir ag an mbeart seo méadú suntasach a dhéanamh ar chéatadán na ngabháltas ina n-úsáideann ball den teaghlach feirme sócmhainní seasta na feirme in aon ghníomhaíocht neamhthalmhaíochta chun brabach eacnamaíoch a dhéanamh.

Samplaí de thograí a bhfuil tacaíocht le fáil acu:

  • Soláthar saoráidí turasóireachta. Ar na cineálacha saoráidí atá beartaithe bheadh athchóiriú ar fhoirgnimh feirme chun críocha turasóireachta, siúl, rothaíocht, iascach, fálróid ar chapaillíní, fairtheoireacht éan & rl.
  • Forbairt a dhéanamh ar thurasóireacht nideoige agus ar sheirbhísí oideachasúla mar ealaíona agus ceardaíocht, soláthar speisialtachta bia, feirmeacha oscailte & rl.
  • Forbairt a dhéanamh ar shiopaí feirme ina ndíolfaí táirgí dúchasacha agus táirgí a rinneadh sa bhaile/go háitiúil.

Nóta:
Ní mór do thograí próiseála bia/déantúsaíochta a léiriú go mbeifear ag comhlíonadh na reachtaíochta Sláinte Bia.

<< Siar                               Ar aghaidh >>