Ciste na gCuntas Díomhaoin

Is ionann Cuntais Dhíomhaoine agus cuntais in institiúidí airgeadais (bainc, cumainn foirgníochta agus An Post) nár úsáideadh, nó polasaithe árachais nár úsáideadh, nó polasaithe árachais nár athéiligh a n-úinéirí iad le 15 bliain ar a laghad.

Is é príomhchuspóir reachtaíocht na gcuntas díomhaoin (An tAcht um Chuntais Dhíomhaoine 2001, An tAcht um Polasaithe Árachais Saoil Neamhéilithe 2003 agus An tAcht um Chuntais Dhíomhaoine (Leasú) 2005) sealbhóirí cuntais agus sealbhóirí polasaithe nó a neasghaolta a athcheangal lena gcistí díomhaoine agus lena bpolasaithe neamhéilithe in institiúidí creidmheasa agus i ngnóthais árachais.

Forálann an reachtaíocht chomh maith do scéim maidir le heisíoc cistí, nach móide go n-éileofar iad, i gcomhair tionscadal agus clár atá leagtha amach chun bochtaineacht agus díothacht shóisialta a mhaolú. Tá reachtaíocht na gCuntas Díomhaoin dírithe ar thrí chatagóir leathana de dhaoine a mbeadh tacaíocht le fáil acu as an gciste:

  • Iad siúd a dtéann míbhuntáiste eacnamaíoch agus sóisialta i gcion orthu.
  • Iad siúd a dtéann míbhuntáiste oideachais i gcion orthu.
  • Daoine faoi mhíchumas.