Chabhraigh maoiniú ón Roinn Obair Phobail de chuid Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte – Réigiún an Deiscirt, chun seirbhísí a bhunú ar mhaithe le daoine aonair agus le grúpaí atá imeallaithe i gceantar Mhúscraí le blianta fada.
Is iomaí seirbhísí a bhaineann le cúrsaí sóisialta agus sláinte a bunaíodh as an gcabhair seo lena n-áirítear an Scoraíocht agus Cumann Iompair Mhúscraí. Cuireadh maoiniú ar fáil faoin gclár seo chun cuidiú a thabhairt an Luas – bus pobail – a cheannach agus cuireann foireann an Chláir Sheirbhísí Pobail an tseirbhís iompair phoiblí ar fáil leis an mbus seo anois. Chabhraigh an maoiniú seo chomh maith chun seisiúin éagsúla eolais a chur ar fáil faoi chúrsaí sláinte chomh maith le cúnamh a thabhairt chun saoráidí cúram leanaí a chur ar fáil agus cúnamh a thabhairt do ghrúpaí tacaíochta amhail grúpaí tuismitheoirí is lapadán, tacaíocht i gcomhair beathú cíche agus grúpaí comhchumais.
Copyrights © 2009 Meitheal Forbartha na Gaeltachta Teo. All rights reserved.
Website Development: MK Design Studio