Cur i bhFeidhm Tionscadail Chomhoibrithe

Tabharfar tacaíocht do chomhoibriú trasnáisiúnta agus idirchríoch faoin mbeart seo. Ceadófar comhoibriú idir grúpaí LEADER agus grúpaí nach grúpaí LEADER iad ar choinníoll go mbeidh an tionscadal atá i gceist á stiúradh agus á chomhordú ag grúpa LEADER. Beidh tacaíocht ar fáil do thionscadail a thagann faoi Ais 3 agus do chur chuige nuálach agus trialach maidir le cur chun cinn comhfhiontair a thugann aghaidh ar shaincheisteanna coitianta. Sa chomhthéacs sin, cáileoidh an réamh-ghníomhaíocht, an comhordú agus an beochan sin do mhaoiniú. Cé go bhféadfadh grúpaí ó thríú tíortha a bheith páirteach i gcomhghníomhartha, gníomhaíochtaí a bheidh ar siúl san AE amháin a cháileoidh le haghaidh maoinithe. Ní mór go gcuirfear na tionscadail trasteorann go léir ina mbeidh LAGanna ó Thuaisceart Éireann páirteach iontu faoi bhráid an Údaráis Bhainistíochta iomchuí agus go mbeidh sé daingnithe ag an mBord Stiúrtha Trasteorann d’Fhorbairt Tuaithe.

Nós imeachta, amchlár agus critéar oibiachtúil chun tionscadail chomhoibrithe idirchríoch agus trasnáisiúnta a roghnú.

Ní mór go mbeidh modheolaíocht chomhoibrithe chomhtháite i bpleananna gnó na LAGanna ó thús an chláir.  Ní mór go gcomhlíonfar roghnú agus ceadú na dtionscadal sa dóigh chéanna ina roghnaítear agus ina gceadaítear tionscadail eile i.e. trí phróiseas coiste measúnaithe tionscadail.  Ní mór go mbeidh leas breisluacha na dtionscadal go léir léirithe go soiléir agus go trédhearcach. Chun béim a chur ar thábhacht an chomhoibrithe, ní mór do gach LAG íosmhéid de 3% de na suimeanna bliantúla maoinithe phoiblí a dháilfear orthu a chur i gciste don bheart sin.

<< Siar                               Ar aghaidh >>