An Clár Tionscnamh Post

Is clár é an Tionscnamh Post ina soláthraítear fostaíocht lánaimseartha do dhaoine 35 bliain d’aois nó níos sine, atá dífhostaithe le 5 bliana nó níos faide agus a bhfuil íocaíochtaí leasa shóisialaigh á bhfáil acu thar an tréimhse sin.

Níl earcaíocht ar bith á déanamh faoin scéim de bharr athruithe a thug an tAire Fiontar, Trádála agus Fostaíochta isteach faoin scéim Tionscnamh Post i míonna deireanacha na bliana 2004. D’ainneoin sin déanfar conarthaí na rannpháirtithe atá ar an scéim cheana féin a athnuachan.

Is é príomhchuspóir an chláir lámh chúnta a thabhairt do dhaoine atá dífhostaithe go fadtéarmach a bheith ullamh do dheiseanna oibre. Déanann an clár é sin trí thaithí oibre, deiseanna oiliúna agus forbartha a thabhairt do rannpháirtithe. Déanann grúpaí ar mian leo dul chun leasa an phobail áitiúil, go háirithe eagraíochtaí deonacha, comhlachtaí poiblí agus grúpaí a bhíonn rannpháirteach i ngníomhaíochtaí seachbhrabúsacha, urraíocht ar an gclár.

Tugann FÁS tacaíocht airgeadais chun cuidiú leis an gclár Tionscnamh Post, tuarastail a sholáthar do rannpháirtithe mar shampla. Chomh maith leis sin, a fhad is a bhíonn rannpháirtithe ar an gclár is féidir leo teidlíochtaí amhail cártaí míochaine agus liúntais leanaí cleithiúnacha a choinneáil agus d’fhéadfadh siad a bheith i dteideal liúntais eile amhail liúntais chúnamh post.