Scéim na gCúntóirí Teanga

Bunaíodh Scéim na gCúntóirí Teanga chun an Ghaeilge a láidriú mar theanga labhartha i measc aos óg na Gaeltachta agus iompar teanga scoláirí scoile a chur i dtreo na Gaeilge.  Faoin scéim cuirtear cainteoirí líofa Gaeilge chuig na scoileanna Gaeltachta chun:

  • Cuidiú le gasúir nach bhfuil an Ghaeilge mar phríomhtheanga acu.
  • Tacú le gasúir a mbeadh cabhair sa bhreis ag teastáil uathu leis an teanga.
  • Cumas teanga na ngasúr sin atá líofa i nGaeilge a threisiú.


Tá an scéim maoinithe ag an Roinn Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta le comhairle agus comhoibriú ón Roinn Oideachais agus Eolaíochta.

Riarann Meitheal Forbartha na Gaeltachta an scéim i nGaeltachtaí na Gaillimhe, Mhaigh Eo agus na Mí.