An Clár Forbartha Áitiúla um Chuimsiú Sóisialta (LDSIP)

Is sraith de bhirt é an Clár Forbartha Áitiúla um Chuimsiú Sóisialta (LDSIP) atá dírithe ar mhíbhuntáiste a shárú agus comhionannas agus cuimsiú sóisialta agus eacnamaíoch a chur chun cinn.  Tá an Clár seo á bhainistiú ag Pobal thar ceann na Roinne Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta.

Tá an Clár seo á riar ag Meitheal Forbartha na Gaeltachta faoi thrí bheart – Seirbhísí do Dhaoine Dífhostaithe, Forbairt Pobail agus Tionscnaimh Phobalbhunaithe do Dhaoine Óga – agus tá siad dírithe ar bhochtanas agus ar chuimsiú sóisialta ina gceantar.

Tá an Clár Forbartha Áitiúla um Chuimsiú Sóisialta (LDSIP) dírithe ar na grúpaí seo a leanas:

  • Daoine atá dífhostaithe go fadtréimhseach
  • Mná faoi mhíbhuntáiste
  • Daoine óga i mbaol
  • An Lucht Siúil 
  • Daoine faoi mhíchumas
  • Daoine gan dídean
  • Mionlaigh eitneacha
  • Tuismitheoirí Aonair
  • Iarphríosúnaigh
  • Teaghlaigh ar ioncam íseal

ta:
Tá na treoirlínte don chlár nua á bhforbairt ag Pobal faoi láthair.  Scaipfear eolas faoi seo a thúisce is a bheidh fáil air.