Seirbhísí Bunúsacha don Gheilleagar agus do Phobal na Tuaithe

Is é príomhchuspóir an bhirt seo saoráidí cultúir agus fóillíochta cuí a aithint agus a sholáthar do phobail áitiúla, saoráidí nach bhfuil ar fáil acu ar dhóigh eile.

Díreoidh tionscnaimh go ginearálta ar sholáthar:

  • Saoráidí taitneamhachta agus fóillíochta.
  • Tacaíocht do ghníomhaíochtaí cultúrtha.
  • Saoráidí áirithe ealaíon.
  • Infreastruchtúr ginearálta pobail agus infreastruchtúr áineasa.
  • Gníomhaíochtaí nuálaíocha i bpobail áitiúla mar líonraí sóisialta agus eolais & rl.

Ba chóir gach measúnú agus gach gníomh a chur i gcrích i gcomhairle leis na húdaráis áitiúla cuí agus lena gcomhaontú. Caithfidh aon trealamh, ghníomhaíocht nó infrastruchtúr a chuirtear ar fáil a bheith inrochtana ag gach grúpa aoise agus sóisialta sa phobal atá i gceist. Déanfar gníomhaíochtaí príomhshrutha eagraíochtaí agus comhlachtaí spóirt a eisiamh ó thacaíocht faoin mbeart seo.

<< Siar                               Ar aghaidh >>