Tacaíocht do Chruthú agus d’Fhorbairt Gnó

Tá sé mar chuspóir ag an mbeart seo ceantair thuaithe a chur sa riocht is go mbeifí ábalta gníomhaíocht eacnamaíoch dhóthanach a sholáthar le daoine a mhealladh le socrú síos agus le dul ag obair sna ceantair sin.

Samplaí de thograí a bhfuil tacaíocht le fáil acu: 

  • Infheistíocht roghnaithe i spás beag fiontar tuaithe.
  • Soláthar raon de chineálacha cúnaimh d’fhiontair atá ag tosú amach agus do leathnú fiontar atá ann cheana, lena n-áirítear teicneolaíochtaí nua.
  • Forbairt táirgí agus gníomhaíochtaí nuálaíocha.
  • Soláthar raon de chineálacha cúnaimh chun cur le luach táirgí áitiúla, lena n-áirítear tacaíocht do ghréasáin ghnó, margaíocht chomhchoiteann, tionscnaimh bhrandála áitiúla, agus feabhas ar chaighdeán agus ar fhorbairt saoráidí próiseála do cheardaithe.
  • Tabharfar tacaíocht freisin do chumas-úsáid áitiúil Theicneolaíocht na Faisnéise agus na Cumarsáide, próiseáil láraithe ar líne maidir le gníomhaíochtaí riaracháin mhionfhiontair mar shampla.
  • Gníomhartha chun fiontraíocht tuaithe a chothú, go háirithe i gcomhar le tacaíocht do thaighde mionscála, d’anailís agus d’fhorbairt.

Gníomhaíochtaí nach bhfuil incháilithe:

  • Déantúsaíocht agus an earnáil seirbhísí.

 

<< Siar                               Ar aghaidh >>