Caomhnú agus Uasghrádú na hOidhreachta Tuaithe
Is é príomhchuspóir an bhirt seo cur chuige comhtháite a sholáthar do chosaint na hoidhreachta áitiúla trí shraith de ghníomhartha caomhnaithe bainteach le chéile, comhlánaithe le raon tionscnamh a ceapadh chun cabhair eacnamaíoch inbhuanaithe na hoidhreachta nádúrtha a fhorbairt (mar shampla trí thurasóireacht).
Tá siad seo a leanas incháilithe do mhaoiniú faoin mbeart seo:
- Gníomhartha chun ailtireacht dhúchasach, ceirdeanna, seandálaíocht, traidisiúin chultúrtha & rl. a chaomhnú agus a fhorbairt.
- Pleananna comhtháite d’athchóiriú agus d’fhorbairt ceantar nádúrtha áitiúil atá suntasach, gnéithe agus ceantair a bhfuil tábhacht timpeallachta leo.
- Gníomhartha timpeallachta pobail chun luach áineasa acmhainní uisce áitiúil agus ceantair a bhfuil ardluach dúlra acu a chosaint agus a athchóiriú.
- Tionscnaimh thimpeallachta eile dírithe ar laghdú dramhaíola.
- Gníomhartha fuinnimh eile nó gníomhartha fuinnimh inathnuaite ag tabhairt aghaidh ar oiriúnacht teicneolaíochtaí nua chun freastal ar riachtanais fuinnimh pobail; gníomhartha feasachta do ghrúpaí pobail agus, faoi chúinsí áirithe, cúnamh caipitil do ghrúpaí pobail a théann i muinín teicneolaíocht den sórt sin.
<< Siar
Ar aghaidh >>