Gníomhaíochtaí Turasóireachta a Spreagadh
Is é príomhchuspóir an bhirt seo acmhainneacht turasóireachta inbhuanaithe, cothrom ó thaobh réigiúin, gach ceantar tuaithe a chur chun cinn trí infreastruchtúr riachtanach a sholáthar agus tríd an tuath a fhorbairt mar acmhainn áineasa do chách.
Beidh siad seo a leanas incháilithe do mhaoiniú:
- Anailís agus soláthar riachtanas infreastruchtúir don turasóireacht agus d’áineas tuaithe i gceantar sainithe.
- Cothabháil gnéithe dúchasacha– ar bhealach a chosnaíonn oidhreacht na ngnéithe– mar shampla línte traenach, cosáin tarraingthe, bóithre portaigh & rl. nach bhfuil in úsáid níos mó.
- Forbairt úsáid foraoise don chaitheamh aimsire faoin tuath.
- Forbairt turasóireachta nideoige mar ealaíona agus ceardaíocht, soláthar bia speisialtachta, éiceathurasóireacht, ginealach, seandálaíocht & rl.
- Forbairt úsáid saoráidí an Idirlín agus ríomhthráchtála go ginearálta le seirbhísí áirithinte agus seirbhísí eolais a chur ar fáil do thurasóirí.
<< Siar
Ar aghaidh >>