Beart Oiliúna agus Faisnéise

Is é príomhchuspóir an bhirt seo raon cuí scileanna agus oiliúna a chur ar fáil do chónaitheoirí agus pobail tuaithe ionas gur féidir an leas sóisialach agus eacnamaíoch is mó a fháil as na tionscnaimh atá ar fáil.

Tá siad seo a leanas incháilithe do mhaoiniú faoin mbeart seo: 

  • Sainchúrsaí oiliúna/ginearálta a chur ar fáil i saoráidí seasta/soghluaiste chomh maith le forbairt intí a dhéanamh ar shaoráidí oiliúna cuí a bhaineann le níos mó úsáide a bhaint as fios feasa agus as teicneolaíochtaí nua sa dóigh is go mbeidh na táirgí agus na seirbhísí i gceantair thuaithe níos iomaíche.
  • Deiseanna foghlama solúbtha i dteicneolaíocht nua a chur ar fáil go háirithe do mhná, do dhaoine óga agus do ghrúpaí mionlaigh.
  • Saoráidí oiliúna a fhorbairt i gceantair thuaithe (seasta/soghluaiste).
  • Cianfhoghlaim a éascú (gnáthchúrsaí nó cúrsaí saincheaptha) trí theicneolaíochtaí nua a úsáid.
  • Cúrsaí oiliúna ábhartha a chur ar fáil dóibh siúd ar mhian leo luach a chur le táirgí áitiúla, go háirithe trí fháil ar mhargaí a éascú d’aonaid bheaga táirgíochta  trí chomhghníomhartha.
  • Inniúlacht na gcónaitheoirí tuaithe a fhorbairt ionas go mbeidh siad in ann Teicneolaíocht na Faisnéise agus na Cumarsáide a úsáid, lena n-áirítear an tIdirlíon agus an leathanbhanda, chun teacht ar ríomhsheirbhísí agus ar fheidhmchláir leictreonacha.

<< Siar                               Ar aghaidh >>