Athnuachan agus Forbairt Sráidbhailte

Is é príomhchuspóir an bhirt seo na tacaíochtaí cuí a sholáthar chun cur le taitneamhacht eacnamaíoch agus shóisialta sráidbhailte, bailte beaga agus na dúiche mórthimpeall. Ní mór tograí faoin mbeart seo a phlé leis an gComhairle Contae áitiúil.

Beidh an beart seo a leanas incháilithe do mhaoiniú:

  • Uasghrádú timpeallachta e.g. uasghrádú páirceanna, ceantair uirbeacha, cosáin cois abhann & rl.
  • Saoráidí rochtana ar thaitneamhachtaí.
  • Fóntais phoiblí mar shoilsiú sráide & rl.
  • Uasghrádú ginearálta dromchla agus athchóiriú foirgneamh tréigthe iomchuí gan foirgnimh feirme thraidisiúnta a áireamh a bheidh i dteideal tacaíochta faoi Ais 2.
  • Margaí Feirmeora.
  • Gníomhartha eile ar mhionscála.

Gníomhaíochtaí nach bhfuil incháilithe:

  •  Uisce, camrais agus oibreacha bóthair.

<< Siar                               Ar aghaidh >>