Is iad na cuspóirí leathana áta ag an Clár Forbartha Tuaithe LEADER 2007 - 2013 ná caighdeán maireachtála i gceantair thuaithe a fheabhsú agus éagsúlú i ngníomhaíocht eacnamaíochta i gceantair thuaithe a spreagadh.
Liostaítear anseo thíos na bearta a thagann faoin gClár agus níl le déanamh ach an nasc a bhrú chun eolas a fháil ar gach beart díobh:
D’fhéadfadh go mbeadh tacaíocht deontais i gcabhair le haghaidh Anailíse agus Forbartha ar fáil maidir le gach beart ach amháin le haghaidh na mbeart, Oiliúint agus Faisnéis.
Cuireann Meitheal Forbartha na Gaeltachta an Clár Forbartha Tuaithe a bhaineann le heagraíochtaí pobail agus le tionscnóirí tionscadal príobháideach i bhfeidhm thar ceann na Roinne Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta agus na Roinne Talmhaíochta, Iascaigh agus Bia.
Is cuid de Chláir Réigiúnacha Feidhme faoin bPlean Forbartha Náisiúnta 2007-2013 é an Clár Forbartha Tuaithe, a mhaoinítear as Clár Forbartha Tuaithe na hÉireann 2007 -2013, Ais 3 agus Ais 4: Cáilíocht Saoil i gCeantair Thuaithe agus Éagsúlú an Gheilleagair Thuaithe.
Ceapadh an Clár ar mhaithe le feabhas a chur ar cháilíocht saoil na ndaoine a chónaíonn faoin tuath, lena n-áirítear feirmeoirí, éagsúlú na gníomhaíochta eacnamaíochta a spreagadh ar na bealaí seo: fiontair thuaithe a fhorbairt, turasóireacht, feabhsúchán sráidbhailte agus tionscnaimh chomhshaoil.
Copyrights © 2009 Meitheal Forbartha na Gaeltachta Teo. All rights reserved.
Website Development: MK Design Studio