An Clár Iompar Tuaithe

Dírítear an Clár Iompar Tuaithe ar dhaoine i gceantair thuaithe atá scoite amach, nó a d’fhéadfadh a bheith scoite amach ós nach bhfuil fáil ná teacht acu ar chóras iompair nó nach bhfuil córas iompair inacmhainne ar fáil go háitiúil. Ba fhreagra ar an méadú a tháinig ar spéis agus ar rannpháirtíocht an phobail ó thaobh réitigh áitiúla a fháil ar dheacrachtaí iompair i gceantair thuaithe na hÉireann ab ea an Clár Iompar Tuaithe. D’éirigh le Meitheal Forbartha na Gaeltachta maoirseacht a dhéanamh ar leathnú an chláir seo agus é a riar i bpobail Ghaeltachta i gcomhar le heagraíochtaí áitiúla ón mbliain 2002 i leith.

Cuireann an Clár Iompar Tuaithe le rathúlacht an Tionscnaimh Iompar Tuaithe go dáta, a bunaíodh mar threoirthionscadal faoin bPlean Forbartha Náisiúnta 2000-2006.  Cuireann an Clár nua Iompar Tuaithe an Tionscnamh Iompar Tuaithe ar bhonn buan príomhshrutha a cheadóidh comhordú agus leathnú na seirbhísí atá ar fáil do phobail tuaithe i gcomhar le Pobal, eagraíocht náisiúnta a chuireann cuimsiú sóisialta chun cinn.