Sheol Éamon Ó Cuív, T.D., an tAire Gnóthaí Pobail, Tuaithe & Gaeltachta, Scéim Siúlóidí ar an 4ú Márta 2008. Tá an scéim dírithe ar fheirmeoirí/úinéirí talún príobháideacha agus ar shealbhóirí/úsáideoirí talún agus tá obair forbartha, feabhsaithe agus chothabhála ar na Slite Náisiúnta Slímharcáilte agus ar na siúlóidí tosaíochta i gceist léi.
Scéim náisiúnta is ea í atá oscailte do na sealbhóirí go léir a bhfuil talamh acu ar na Slite Náisiúnta Slímharcáilte, ar na Bealaí Siúlóide Lúibe agus ar na Bealaí Oidhreachta chomh maith le cosáin eile atá faofa ag Oifig na gCosán Náisiúnta. Feidhmeoidh an scéim ar shlite a mbeidh comhaontú faighte i leith fhad iomlán na siúlóide agus sa chás sin amháin agus ní chuirfear an scéim i bhfeidhm ar chuid de shiúlóid.
Tá an scéim á riar ag Meitheal Forbartha na Gaeltachta le cabhair ó Oifig na gCosán Náisiúnta i gComhairle Spóirt na hÉireann agus Fáilte Ireland agus i gcomhar le coistí bainistíochta siúlóide áitiúla agus le hÚdaráis Áitiúla ar son na Roinne Gnóthaí Pobail, Tuaithe & Gaeltachta.
Nóta:
Le haghaidh tuilleadh eolas ar an Scéim seo, téigh go dtí Foilseacháin
Copyrights © 2009 Meitheal Forbartha na Gaeltachta Teo. All rights reserved.
Website Development: MK Design Studio