An Scéim Tithe níos Teolaí

Scéim de chuid Fuinneamh Inmharthana Éireann é an Scéim Tithe Níos Teolaí a bhfuil mar aidhm léi éifeachtacht fuinnimh agus dálaí compordacha tithe a áitíonn teaghlaigh ar ioncam íseal a fheabhsú agus na córais a bhunú in Éirinn agus an cumas a neartú in Éirinn chun bearta den sórt a chur i bhfeidhm.  Bunaítear an cur chuige seo ar mhúnla seachadta fostaíochta sóisialaí.  Spreagann an múnla seo eagraíochtaí réigiúnacha bunaithe sa phobal amhail Meitheal Forbartha na Gaeltachta chun na scileanna is gá chun an obair a dhéanamh a fháil agus a chur i bhfeidhm – lena n-áirítear insliú áiléir, tithe a dhéanamh díonmhar ar shéideáin, seaicéid fálaithe, soilsiú éifeachtach ó thaobh fuinnimh de, insliú cuasbhallaí agus comhairle maidir le cúrsaí fuinnimh.  Leagtar an bhéim ar thithe in úinéireacht phríobháideach agus ar thithe ar cíos – tithe a bhíonn éagsúil ó thithe údaráis áitiúil agus a bhíonn níos deacra teacht orthu. Déantar freastal ar thithe údaráis áitiúil faoi scéimeanna eile.

Beidh tairbhí an chláir le sonrú ag teaghlaigh ar ioncam íseal a ndéantar freastal orthu faoin scéim ó thaobh leibhéil feabhsaithe compoird, eacnamaíochta agus sláinte, agus beidh tairbhí an chláir le sonrú chomh maith ó thaobh chomhdhlúthú an chreata náisiúnta chun aghaidh a thabhairt ar easpa breosla trí bhíthin gníomhartha struchtúrtha a bheadh éifeachtach ó thaobh fuinnimh de.

Déanann Meitheal Forbartha na Gaeltachta an scéim seo a riar i gceantair Ghaeltachta i gcomhar le hÚdarás na Gaeltachta trí bhíthin obair chrua Rannpháirtithe na Scéime Sóisialta Tuaithe.