Nuacht:

Fáiltíonn Meitheal Forbartha na Gaeltachta an leithdháileadh atá faighte acu faoi an Chlár nua Forbartha Áitiúil agus Pobal.

Cuireann Meitheal Forbartha na Gaeltachta fáilte roimh an leithdháileadh atá ceadaithe dóibh inniu ag an Roinn Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta faoin gclár nua, atá in áit an clár LDSIP, sé sin an Clár Forbartha Áitiúil agus Pobal. Ceadaíodh €1.66m do Mheitheal Forbartha na Gaeltachta do 2010.

Cé go bhfuil gearrtha siar i mbuiséad an chlár seo go náisiúnta, tá Meitheal Forbartha na Gaeltachta tiomanta tacaíocht a thabhairt do na daoine sin is mó a mbíonn sí ag teastáil uathu, dóibh siúd is mó atá i mbaol agus dóibh siúd is mó atá scoite amach go sóisialta i bpobal na Gaeltachta.

‘Leis an tacaíocht seo ón Rialtas leanfaidh muid le dul i ngleic le míbhuntáiste sóisialta ar an t-aon bhealach a oibríonn sa bhfadtéarma: gníomh dearfach agus rannpháirtíocht láidir ón bpobal. Glacann muid buíochas leis an tAire Éamon Ó Cuív as ucht a thacaíochta agus tá muid ag súil go mór leanúint ar aghaidh le cur le forbairt pobail sa nGaeltacht’ a deir Antaine Ó Sé, An Príomhfheidhmeannach.

Published: 15.01.2010
Maoiniú as Scéim Tacaíochta na bPobal leithdháilte ar thograí fiúntacha sa Ghaeltacht.

Published: 01.07.2009
Conradh sínithe le Meitheal Forbartha na Gaeltachta le haghaidh Chlár Forbartha Tuaithe na Gaeltachta LEADER 2007 – 2013

Conradh sínithe le Meitheal Forbartha na Gaeltachta le haghaidh Chlár Forbartha Tuaithe na Gaeltachta LEADER 2007 – 2013

Chuir an tAire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta, Éamon Ó Cuív T.D. a shíniú le conradh nua do Mheitheal Forbartha na Gaeltachta Teoranta le haghaidh an Chláir Forbartha Tuaithe don tréimhse 2007 – 2013 i bPáirc an Chrócaigh ar an 29ú Eanáir 2009.

Ceadaíodh an méid is mó sa tír, €17.2 milliún thar thréimhse an chláir, don chomhlacht Gaeltachta seo le freastal ar an réigiún ilchineálach seo ó Dhún na nGall go dtí Phort Láirge.  Tá a thrí oiread den mhéid a bhí sa phacáiste a bhain leis an gclár deireanach (2000-2006) ag gabháil leis an bpacáiste seo agus tá na céatadáin chúnaimh níos fabhraí mar shampla tá na céatadáin do thionscnaimh phobail ardaithe ó 50% go dtí 75%. Cuirfear maoiniú de €425.4 milliún ar fáil go náisiúnta faoin gClár seo le haghaidh forbairt tuaithe. Tiocfaidh 55% de sin ón Aontas Eorpach agus 45% as an Státchiste.

Is iad príomhaidhmeanna an Chláir Forbartha Tuaithe caighdeán maireachtála mhuintir na tuaithe a fheabhsú agus éagsúlú a spreagadh sa gheilleagar mar aon le tacaíocht a thabhairt do ghníomhaíochtaí neamhthalmhaíochta.

Tá na gníomhaíochtaí faoin gclár seo éagsúil agus áirítear iad seo a leanas leo:

  • Éagsúlú chuig gníomhaíochtaí nach mbaineann le talmhaíocht                            
  • Tacaíocht do bhunú agus d’fhorbairt mionfhiontar                                                  
  • Spreagadh do thograí turasóireachta                                                         
  • Bunseirbhísí do cheantair thuaithe agus don daonra                                   
  • Athnuachan agus forbairt sráidbhailte                                                           
  • Caomhnú agus uasghrádú ar an oidhreacht tuaithe agus Oiliúint

’Tabharfaidh an clár seo deis iontach do ghrúpaí pobail agus lucht gnó cur le cúrsaí sóisialta agus eacnamaíochta faoin tuath trí ghníomhaíochtaí éagsúla an chláir.  Tá go leor suime léirithe ag an bpobal sa chlár agus táimid an-sásta le caighdeán na bhfiosrúchán atá ag teacht chun cinn.  Beimid ag obair go díograiseach i gcomhar le pobail na Gaeltachta, leis na heagraíochtaí cuí agus le Ranna Stáit ar mhaithe leis an bpobal’, a deir Antaine Ó Sé, Príomhfheidhmeannach Mheitheal Forbartha na Gaeltachta.

Published: 30.01.2009