Fáilte an Phríomhfheidhmeannaigh

Is mór agam fáilte a chur romhat chuig láithreán gréasáin Mheitheal Forbartha na Gaeltachta thar mo cheann féin, thar ceann bhaill an bhoird agus thar ceann na foirne. Tá súil agam gur foinse shaibhir faisnéise agus eolais a bheidh ann duit agus go bhfaighidh tú léargas ar an raon leathan de fhreagrachtaí a ghabhann leis na cúraimí éagsúla atá orainn.

Leagtar béim faoi leith ar an tábhacht atá le pobail agus forbairt pobail trí bhíthin na gclár éagsúil a bhíonn á riar againn ar son an Rialtais. Dírítear go speisialta ar phobail atá i mbaol nó atá faoi bhagairt ar nós pobail tuaithe ar meathlú agus na pobail Ghaeltachta. Sna cásanna seo, bíonn cabhair le fáil ó Mheitheal Forbartha na Gaeltachta chun bonn níos láidre a chur faoi phobail, pobail atá ag streachailt le míbhuntáistí sóisialta agus le dífhostaíocht, pobail ar meathlú, pobail a bhfuil saincheisteanna teanga agus fadhbanna mar iad acu.

Oibríonn Meitheal Forbartha na Gaeltachta i gcomhpháirtíocht le Ranna éagsúla Stáit, le heagraíochtaí náisiúnta agus áitiúla, le pobail agus le daoine aonaracha chun athruithe dearfacha a bhrú ar aghaidh sa Ghaeltacht. Tá an Bord, na Coistí Meastóireachta Réigiúnacha agus an fhoireann tiomanta don aidhm sin.

Tá súil agam go bhfuil an láithreán gréasáin seo úsáideach agus faisnéiseach duit. Má tá aon fhiosrúchán agat nó má tá aon ní le rá agat déan teagmháil linn ag eolas@mfg.ie.

Le gach dea-ghuí,

Antaine Ó Sé,
Príomhfheidhmeannach,
Meitheal Forbartha na Gaeltachta.