Struchtúr

Comhlacht forbartha tuaithe pobalbhunaithe is ea Meitheal Forbartha na Gaeltachta a bunaíodh sa bhliain 1991 chun forbairt pobail a chur chun cinn sa Ghaeltacht.  Clúdaíonn an Ghaeltacht codanna fairsinge de chontaetha Dhún na nGall, Mhaigh Eo, na Gaillimhe agus Chiarraí agus codanna freisin de chontaetha Chorcaí, na Mí agus Phort Láirge.  De réir dhaonáireamh 2006, is isteach is amach le 92,000 duine daonra iomlán na gceantar agus na n-oileán atá inti.

Is áit speisialta í an Ghaeltacht, áit inarb í an Ghaeilge príomhtheanga labhartha an phobail.  Tá Meitheal Forbartha na Gaeltachta tiomanta d’fhorbairt phobail na Gaeltachta agus do chur chun cinn na teanga mar theanga phobal na Gaeltachta sna blianta seo romhainn.